Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Altan > The Blue Idol > An Cailín Deas Óg

   
The Blue Idol An Cailín Deas Óg
   
Credits : Traditional; arranged by Mairéad Ní Mhaonaigh, Mark Kelly, Ciaran Curran, Dermot Byrne, Ciaran Tourish & Donal Lunny
   
Appears On : The Blue Idol
   
Language : Gaeilge (Irish Gaelic)
   
Other Versions : " The Pretty Young Girl " on Altan's album The Blue Idol
   

Lyrics :

An cailín deas óg a bhfuil mé ar a tóir
Mo chreach mhaidne brón ní castar liom í
Tráth théim go tigh an óil, chuig damhsa, nó spórt
Ach leanfad sa ród í ar uair an mheán oích'

Curfá :
Mar is tusa an fear óg a shiúlfas go leor
Faigh domhsa seod a bheas agam mar mhnaoi
Ná santaigh go deo maoin chaorach nó bó
Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í

Bíodh sí lách óg gan mhairg gan ghruaim
Stuama go leor ar gach uile sheort ní
Tuicsneach ró-dheas gan an iomarca bróid
Siúd í mo stóirín da mbéadh sí gan pingin

(Curfá)

Bíodh sí gan smál i gclú is i gcáil
Glan ina croí agus séimh ina méin
Gan gangaid nó gráin i mbriathra a béil
Is aoibh ar a h-éadan ó mhaidin go h-oích'

(Curfá)

Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í